Annraoi Ó Liatháin
Úrscéalaí ab ea Annraoi Ó Liatháin. Scríobh sé leabhair do dhéagóirí agus do dhaoine fádta. Orthu sin bhí Laochra na Machairí (1958), Claíomh an Díoltais (1961), Pící Loch Garman (1964), An Tíogar Daonna (1966), Dún na Cinniúna (1966), Buíon Éireannach in Albain (1975), Luaithreach an Bhua (1970) agus Nead na gCreabhar (1977). Cailleadh é sa bhliain 1981.
Úrscéal staire a suitear sa dún deireanach i gCúige Uladh atá á chosaint ag Gaeil. 1651, tá Eoghan Rua Ó Néill ar lár agus tá fórsaí Chromail tar éis an tír a chur faoina seilbh. I gcúige Uladh, seasann buíon bheag Gael faoi cheannas Fhéilim Uí Néill. Daingníonn siad Dún Chnoc Séarlais i gcoinne na Sasanach. Is gearr go mbíonn an dún timpeallaithe ag fórsaí Shasana agus na gunnaí móra dirithe ar an ngarastún Gaelach.
Scéinséir fuilteach dorcha é seo a suitear in Éirinn i mblianta deireanacha an chéid seo caite.Tá buíon de sheirbhísí speisialta arm Shasana gan smacht, agus iad imithe le buile in Éirinn, agus níl ach aon fhear amháin a bheadh in ann deileáil leo: Ruairí Mac Aodha!
Fógraíodh sos comhraic idir Comhdháil Chill Chainnigh agus Séarlas I i 1644. Sheol buíon Éireannach soir thar muir go hAlbain ansin agus ghlac páirt sa chogadh in aghaidh na gCúnantóirí. Insíonn Annraoi Ó Liatháin an scéal corraitheach seo faoi ionradh na ngael ar Albain sa 17ú hAoise — agus é lán le fuil uisce faoi thalamh!